www.todoliteratura.es

The Irish language gains full official and working status on a par with other official languages of the European Union
Galway
Ampliar
Galway

Stádas iomlán oifigiúil agus oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach

Todhchaí nua ar leic an dorais don Ghaeilge agus beidh stádas iomlán oifigiúil agus oibre ag an teanga anois in Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Cuirfear deireadh ag meánoíche anocht (31 Nollaig 2021) leis an maolú a bhí i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha agus beidh sí anois ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an AE. Is ar an 1 Eanáir 2007 a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge ach bhí socrú maolaithe i bhfeidhm ó shin i leith, mar gheall ar ghanntanas foirne aistriúcháin, a chuir srian ar an méid ábhair a aistríodh go Gaeilge.

Dúirt Príomh-aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, an Teachta Dála Jack Chambers:

“Céim ríthábhachtach i bhforbairt agus todhchaí na Gaeilge is ea an deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Tá an Ghaeilge anois ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an AE agus daingeoidh sé seo an caidreamh idir an saoránach agus na córais riaracháin Eorpacha. In éineacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shínigh Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite, tá ról na Gaeilge sna córais riaracháin náisiúnta agus Eorpacha treisithe go mór anois.”

“Tá creidiúint nach beag ag dul do na hInstitiúidí Eorpacha agus d’fhoireann mo Roinne as na struchtúir agus áiseanna cuí a chur ar bun lena aghaidh seo. Togra uaillmhianach a bhí ann ar an gcaoi sin, ach mar gheall ar an dlúthchomhar idir na hinsitiúidí AE, Rialtas na hÉireann agus geallsealbhóirí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge i measc mórán tionscnamh agus tograí eile, tá na hInstitiúidí Eorpacha réidh anois chun tabhairt faoin tsraith iomlán ábhair a aistriú go Gaeilge in éineacht le teangacha oifigiúla eile an AE.”

Teanga chonartha a bhí sa Ghaeilge nuair a rinneadh Ballstát d’Éirinn in 1973, rud a chiallaigh nár aistríodh go Gaeilge ach conarthaí an AE. Rinne Rialtas na hÉireann iarratas in 2005 go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge agus bronnadh an stádas sin uirthi ar an 1 Eanáir 2007. Mar gheall ar an nganntanas acmhainní ag an tráth sin, idir fhoireann aistriúcháin agus áiseanna teicneolaíochta Gaeilge, maolaíodh scóp an stádais agus ba shraith theoranta doiciméad a bhíothas in ann a aistriú go Gaeilge.

Thug an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar leis na hInstitiúidí Eorpacha, faoi roinnt tionscnamh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun go mbeifí in ann an bhearna seo a líonadh, bearta amhail an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, Scéim Intéirneachta, an tionscadal téarmaíochta LEX/IATE agus tionscnaimh dhigiteacha agus theicneolaíochta. Mar thoradh air seo, tá breis agus 170 ball foirne Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha inniu agus iad ag baint leas as áiseanna amhail bunachair téarmaíochta, innill mheaisínaistriúcháin agus bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe chun an tsraith iomlán doiciméad a aistriú go Gaeilge. Méadófar an líon foirne sin go c. 200 go luath i 2022.

Mar thaca dóibh siúd a bheidh ag cur isteach ar phoist teanga leis an AE amach anseo, tá ábhar tacaíochta á chur ar fáil i nGaeilge ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith mar a bhaineann sé leis na trialacha earcaíochta EPSO de chuid an Aontais Eorpaigh.

----------------------------

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag glúnta amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus bhí an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcónaí tiomanta do dheireadh a chur le maolú ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre an Aontais Eorpaigh.

Mar chuid den obair sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag an Roinn agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin chun cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san AE. Le blianta beaga anuas, tá tuilleadh forbartha déanta ar an tionscadal téarmaíochta LEX/IATE, tionscadal atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann, agus tháinig méadú leanúnach ar bhanc idirinstitiúideach na gcuimhní aistriúcháin. Ina theannta sin, ullmhaíodh comhaontú idir an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann chun corpais dhátheangacha reachtaíochta náisiúnta na hÉireann a chomhroinnt, agus tá an obair sin ag treabhadh ar aghaidh anois.

Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, tá méadú déanta ag an Aontas Eorpach ar líon na mball foirne Gaeilge agus tá os cionn 170 duine ag obair sna seirbhísí teanga anois. Méadófar an líon foirne sin go c. 200 go luath i 2022.

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht

Is é fócas na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge maoiniú a chur ar fáil do réimse leathan tionscnamh Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus thar lear. Tá na deontais dírithe go príomha ar eagraíochtaí nó ar ghrúpaí a oibríonn lasmuigh den Ghaeltacht. Titeann na tacaíochtaí curtha ar fáil ag an Roinn le deireadh a chur leis an maolú faoi scáth na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge. Sonraithe thíos, tá na beartais éagsúla a cuireadh ar bun ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú:

Aistritheoirí Óga

Eagraíonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis an Roinn an comórtas aistriúcháin, ‘Aistritheoirí Óga’. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí ar fud na hÉireann atá 15 bliana d’aois ar an 1 Meán Fómhair (den bhliain acadúil) agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de 5 theanga Eorpacha eile go Gaeilge. Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt.

Seó Bóthair/Gluaiseacht

Tá an Roinn ag cur maoiniú ar fáil don ‘Seó Bóthair’ atá ar bun ag Conradh na Gaeilge ó 2017. Anois tá forbairt déanta ar an bhfeachtas ‘Seó Bóthair’ le ceardlanna idirghníomhacha a mbíonn cluichí, plé agus díospóireacht iontu chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach taitneamhach. Cuirtear na daoine óga ar an eolas maidir lena gcearta teanga, seirbhísí teanga agus deiseanna fostaíochta in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Déantar iad seo trí fhíschomhdhálacha mura féidir taisteal de bharr shrianta COVID-19.

Tionscnaimh dhigiteacha agus theicneolaíochta

Tacaíonn an Roinn le tionscnaimh dhigiteacha agus theicneolaíochta a chabhraigh go mór le deireadh a chur leis an maolú, ina measc:

Téarmaíocht san AE – LEX, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bunachar sonraí a fhorbairt chun téarmaíocht Ghaeilge a bhaineann leis an AE agus téarmaíocht maidir le hIonstraimí Reachtúla na hÉireann a chur ar fáil ar bhunachar d’Institiúidí an AE agus d’aistritheoirí Gaeilge i gcoitinne.

Líonra Saineolaithe Náisiúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá an Roinn ag obair le hInstitiúidí an AE chun líonra de shaineolaithe téarmaíochta fearainn a labhraíonn Gaeilge a thógáil in Éirinn. Tá maoiniú curtha ar fáil do DCU chun cabhrú le líonra a chruthú.

Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Tá scéim intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh á riar ag an Roinn i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Tá an scéim dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúcháin oibre a fháil i réimse speisialtóireachta an aistriúcháin agus na profléitheoireachta. Cuireann an scéim le cuspóir an Rialtais gach cúnamh agus tacaíocht a sholáthar don Aontas Eorpach agus an cinneadh á chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a dhéanamh mar theanga oibre agus oifigiúil san AE mar atá leagtha amach sa Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ceaptar suas le deichniúr ina iomláine ar feadh tréimhse 10 mí ag tosú i mí Dheireadh Fómhair gach bliain.

An tIonad Náisiúnta Barr Feabhais do Ghairmeacha Gaeilge san Aontas Eorpach

Tá ról lárnach ag an Ionad Náisiúnta Barr Feabhais mar Ghrúpa Stiúrtha chun cur chuige comhordaithe a bheith ann maidir le hoideachas na mac léinn ar mhian leo dul ag obair san Aontas. Is iad na hinstitiúidí tríú leibhéal na hoideachasóirí agus na saineolaithe ar riachtanais Institiúidí an Aontais agus tá ról criticiúil ag an Ionad mar phointe teagmhála anois ag Institiúidí an Aontais ar mhian leo daoine a fhostú ar chonarthaí sealadacha.

Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge

Tá soláthar cohóirt daoine cáilithe le scileanna Gaeilge chun cabhrú le freastal ar riachtanais earcaíochta san AE á bhaint amach tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge faoina soláthraíonn an Roinn maoiniú do 12 chúrsa Gaeilge tríú leibhéal speisialaithe i réimsí amhail aistriúchán, léirmhíniú agus dlí.

Tá an lámhleabhar ‘The Ultimate EU Testbook – Administrators 2020’ á n-aistriú ag Ollscoil na hÉireann, Gailimh le tacaíocht na Roinne, mar áis dóibh siúd a bhfuil suim acu cur isteach ar chomórtais EPSO agus tá caibidil a trí ar fáil ag an nasc seo a leanas: http://www.acadamh.ie/acadamh/tionscadail/tastail-epso-abhar-tacaiocht

An Ghaeilge san Aontas Eorpach – Maolú

Ghlac an Coimisiún leis an tuarascáil dar teideal ‘An Ghaeilge san AE: ar an mbóthar go stádas iomlán faoi 2022’ ar an 21 Meitheamh 2021 – baineann an tuarascáil seo leis an acmhainneacht chun doiciméid agus reachtaíocht an Aontais a aistriú go Gaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin tuarascáil seo ar fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/news/irish2022.

The Irish language gains full official and working status in the European Union

Bright future in store for the Irish language as it gains full official and working status in the institutions of the European Union

The derogation of the status of the Irish lenguage in the European institutions ends at midnight tonight (31 December 2021) and its status will now be on a par with other official languages ​​of the EU. The Irish language was given official and working status on 1 January 2007. However, a derogation arrangement has been in place since then due to a shortage of translation staff which restricted the amount of material translated into Irish.

Government Chief Whip and Minister of State for the Gaeltacht and Sport, Jack Chambers TD, said:

“The end of the derogation of the status of the Irish language in the European Union is a crucial step in the development and future of the language. Irish is now on a par with other official and working EU languages ​​and this will strengthen the relationship between citizens and European administrative systems. Together with the Official Languages ​​(Amendment) Act 2021 signed by the President of Ireland last week, the role of the Irish language in national and European systems of administration has now been significantly strengthened.”

"The European institutions and the staff of my Department deserve a great deal of credit for putting in place the appropriate structures and initiatives to achieve this goal. It was an ambitious project, but thanks to the close cooperation between the EU institutions, the Irish Government and stakeholders under the Advanced Irish Language Skills Initiative among many other initiatives and projects, the European institutions are now ready to translate the full suite of content into Irish along with other official and working languages of the EU.”

Irish was a treaty language when Ireland became a Member State in 1973, which meant that only EU treaties were translated into Irish. The Irish Government applied in 2005 for Irish to become an official and working language and it was granted this status on 1 January 2007. Due to the shortage of translation staff and Irish language technological resources at the time, the scope of the status was derogated and the number of documents to be translated into Irish were limited.

The Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, in conjunction with the European institutions, has undertaken a number of initiatives under the 20 Year Strategy for the Irish Language to fill this gap, such as the Advanced Irish Language Skills Initiative, an Internship Scheme, the LEX / IATE terminology project and digital and technological initiatives. As a result, there are over 170 Irish language staff in the European institutions today using facilities such as terminology databases, machine translation aids and computer-aided translation software to translate all documents into Irish. That number of staff will be increased to c. 200 early in 2022.

In support of those applying for language posts with the EU in the future, NUI Galway is now providing support material in Irish as it relates to the European Union's EPSO recruitment tests.

¿Te ha parecido interesante esta noticia?    Si (0)    No(0)

+
0 comentarios